《Aililiu Na Gamhna》歌詞

歌手: Iarla Ó Lionáird
歌詞字數:968 歌詞行數:48 當前語言:繁體中文 時間軸歌詞:— 歌詞翻譯:—
📄 純文本

Is iníon d'aoire mé

Féinig gan amhras

Do bhíodh ina cónaí

Cois taobh na Leamhna

Bhí bothán agam féin ann

Is fuinneog i gceann de

Fad a bhíodh an bainne ag téamh agam

'Sea ghlaofainn ar na gamhna

Aililiú na gamhna

Na gamhna bána

Aililiú na gamhna

Na gamhna b'iad a b'fhearr liom

Aililiú na gamhna

Na gamhna geala bána

Na gamhna maidin shamhraidh

Ag damhsa ar na bánta

Faightear dom cana

Is faightear dom bhuarach

Is faightear dom soitheach

Ina gcuirfead mo chuid uachtair

Ceolta sí na cruinne bheith

Á síorchur i m'chluasa

Ba bhinne liomsa géimneach na mbó

Ag teacht chun buaile

Aililiú na gamhna

Na gamhna bána

Aililiú na gamhna

Na gamhna b'iad a b'fhearr liom

Aililiú na gamhna

Na gamhna geala bána

Na gamhna maidin shamhraidh

Ag damhsa ar na bánta

Rachaimid ar an aonach

Is ceannóimid gamhna

Is cuirfimid ar féar iad

Amach ins na gleannta

Íosfaidh siad an féar

Is barr an aitinn ghallda

Is tiocfaidh siad abhaile chun

An bhainne i gcóir an tSamhraidh

Aililiú na gamhna

Na gamhna bána

Aililiú na gamhna

Na gamhna b'iad a b'fhearr liom

Aililiú na gamhna

Na gamhna geala bána

Na gamhna maidin shamhraidh

Ag damhsa ar na bánta

🎧 猜你喜歡

共 0 首
暫無推薦歌曲

🎲 隨機歌詞

共 8 首